Rith mé Dé
Domhnaigh i rás, 8k i Maree. Ach lá ceomhar a bhí ann. Ar feadh tamall BLD
[Búiochas Le Dhia], tháinig an grian amach. Bhí mé sona sásta ansin, gan amhras.
Bhí dhá
stáisiúin uisce ar an cúrsa agus ag an dara, nuair a dúirt mé “Go raibh maith
agat”, fuair mé an freagra “Tá fáilte romhat”. Agus tar éis an críoch, chuala
mé beirt fir ag caint i nGaeilge agus beirt eile ina dhiaidh sin. Tá ár dteanga
beo fós.
Gaeilge agus rith, cén lá.
Bhí cáca,
caife, tae, banana, oráiste agus uisce sa halla tar éis an rás. Agus páipéar sa
leithreas. Thar barr, bhí muid millte.
Ach ceard
faoin rith? Bhí sé go maith freisin. Ní raibh an pian ró-dona ar bith agus bhí
mo ghasta réasúnta, ceapaim.
Anois, cá bhfuil 10k?
| Foclóir: | |
| Gaeilge | Béarla |
| Dála an scéil | By the way |
| Millte | Spoilt |
| Dáta | Mile | Am | Luas | Croíráta | Imeacht |
| 02/02/2015 | 3 | 23:15 | 07:45 | 148 | Éasca |
| 03/02/2015 | 4 | 31:43 | 07:56 | 153 | Éasca |
| 04/02/2015 | 2 | 14:41 | 07:20 | 157 | Gasta |
| 06/02/2015 | 3 | 23:39 | 07:53 | 151 | Éasca |
| 08/02/2015 | 5 | 38:02 | 07:36 | 152 | Rás [Maree 8k] |
Ar nos na gaoithe 👍🏃🏃🎈
ReplyDelete