Monday, 20 July 2015

Síob ag an t-am ceart

Maidin Dé Luain, bhí me ag rith chuig obair nuair a phléasc na scamaill agus thosaigh sé ag stealladh báistí. Bhí mé fliuch ó bhun go barr ag an deireadh ach tháinig mo dheirfiúr chéile.Thug sí síob dom go dtí m'obair. Go raibh míle maith agat arís,a Rachel. Bhí an gaoth láidir dé hAoine chun an rith fada, ach rinne mé mo dhícheall. An seachtain seo chugainn, beidh mé ar mo laethanta saoire ach fanfaidh muid i nGaillimh. Tá Féile Idirnáisiúnta Ealaín na Gaillimhe ar siúl faoi láthair agus beidh craic againn ann. Cheannaigh mé uaireadóir nua mar tá imní orm faoi mo Garmin. Ba mhaith liom uaslódáil m'am geábha go háirithe an rith luas [nó "Tempo" i mBéarla]. Bainfidh mé triail as go luath. Dáta 12/07/2015 Mile 2 Am 11:43 Luas 05:51 [Am Géabha] 13/07/2015 Mile 10 Am 1:26:51 Luas 08:41 [Éasca] 14/07/2015 Mile 7 Am 52:31 Luas 07:30 [Luas] 16/07/2015 Mile 3 Am 22:25 Luas 07:28 [Éasca] 17/07/2015 Mile 13.1 Am 1:41:52 Luas 07:47 [Fada]

1 comment:

  1. Bain sult as na laethanta saoire 😎👍☀️🏃

    ReplyDelete