Monday, 31 August 2015

Maratón 11



Bhí mé gnóthach i gceann mo chuid oibre an mí seo ach choinnigh orm ag traenáil.
Idir an dá linn, rith mé an rás Sraideanna na Gaillimhe agus thaitnigh sé go mór liom. 33:48 do 8k, bhí mé sona go leor.
Bhí a fhios agam faoin maratón Dé Sathairn seo caite i gCreachmhaoil agus shocraigh mé rith fada a dhéanamh ann - 20 nó 22 b'fhéidir.
Ach ar an lae, thóg mé go réidh é agus bhí mé compordach. Chríochnaigh mé an maratón iomlán i 4:06:28.
Slua deas cairdiúil abhí ann, agus féasta mór sa halla. Fuair mé bonn deas, is féidir leat a fheiceáil.
Gan amhras ar bith, tá a fhios agam go mbeidh mé réidh chunk Maratón Atha Cliath.

No comments:

Post a Comment