Bhí mé
déanach ag teacht amach as cruinníu tráthnóna Dé Luain agus chaill mé an bus.
Rith mé chuig obair an maidin sin agus rith mé abhaile tar éis obair freisin.
Thug mé go bog é chun a bheith go maith chun maidin Dé Máirt.
Chodail
amach mé maidin Dé hAoine agus rinne mé mo rith tar éis obair, rith fada. Bhí
an lá go brea agus thaitnigh sé go mor liom. Choinnigh mé mo chroí ráta íseal ach
bhí mé gasta go leor.
Níor rith
mé ar bith Dé Sathairn mar chuamar chuig mo sheanbaile. Rith mo dheirfiúr in
aice liom Dé Domhnaigh agus bhí comhrá deas againn.
| Dáta | Lá | Mile | Am | Luas | Croíráta |
| 09/03/2015 | Dé Luain | 3 | 23:16 | 07:45 | 150 |
| 09/03/2015 | Dé Luain | 2.66 | 21:08 | 07:57 | 148 |
| 10/03/2015 | Dé Máirt | 5 | 38:03 | 07:37 | 149 |
| 11/03/2015 | Dé Céadaoin | 2 | 14:30 | 07:15 | 156 |
| 13/03/2015 | Dé hAoine | 9 | 01:21:34 | 09:04 | 135 |
| 15/03/2015 | Dé Domhnaigh | 3 | 32:44 | 10:55 | 126 |
I really like the list of your run times - the trend is clear then, definitely on a trajectory there xx
ReplyDelete